Ag Ullmhú do Bhliain 1 – 2026-27

A Chairde,

Fáilte go Coláiste Pobail Osraí. Tá sé i gceist againn eolas ginearálta a bheadh úsáideach daoibh a chur anseo in áit amháin. Bíonn sé á uasdátú againn ar bhonn rialta de réir mar a thagann spriocdhátaí chun cinn.

Mar is gnách ná bíodh leisce oraibh a bheith i dteagmháil linn le bhur gceisteanna nó bhur moltaí: oifig@osrai.ie

Le mór-mheas,

Coláiste Pobail Osraí

Dátaí Tábhachtacha

  • Measúnú Iontrála – 28/2/2026, 9.30-12.00
  • Bus Scoile –  Ar oscailt go dtí Aoine 8ú Bealtaine 2026
  • Tyro (Uirlis Chumarsáide Tuismitheoirí): Socrú – Bealtaine 2026
  • iPad: Wriggle Store & Scéim Leabhar –  Roimh 21ú Meitheamh 2026
  • Cruinnithe Aonair – (Nasc seolta)

Tá neart doiciméad/nasc iniata thíos chun tacú libh leis an aistriú go meánscoil. Bígí i dteagmháil leis an oifig má tá aon éiginnteacht oraibh. 

1 – Socraigh Tyro

Seo uirlis chumarsáide ar líne ag teastáil do Theachtaireachtaí, Tinreamh & Tuairisicí (Ag teastáil do Chéim 5)

Gheobhaidh tú do chuid sonraí logála do Tyro, agus beidh a thuilleadh eolais ann daoibh go luath. Bain leas as an nasc seo thíos chun dul i dtaithí ar é a úsáid. Agus an Aip Tyro íoslódáilte agat agus tú logáilte isteach, las fógraí le do thoil.

Beidh gá eolas a thabhairt maidir le rogha ábhar a dhéanamh i mí an Mheithimh (Féach Céim 5).

Tyro Parent-Student Login Guide

2 – Ceannaigh iPad ón Wriggle Store

Dáta dúnta 21ú Meitheamh 2026.

Wriggle Online Store Login (wriggle.ie) Seoladh amach uimhir na scoile (cód ar leith scoile) amach ar théacs. Tá sé ar fáil ón oifig freisin, muna bhfuil teacht agat air.

Tá bileog thíos maidir le íocaíocht le Wriggle a tabharfadh eolas duit maidir le bealaí chun an costas a scaipeadh thar tréimhse ama, mar shampla gur féidir an costas a scaipeadh thar 1 bhliain amháin gan aon ús ná táillí.

6 – Cruinniú Aonair

Márta (Nasc seolta)

Mar chuid den Chlár Ionduchtaithe ba bhreá linn cuireadh a thabhairt duit chun cruinniú aonair a bheith agat le ball foirne, dá mbeadh sé sin ag teastáil uaibh. Is í aidhm na cruinnithe ná chun deis a thabhairt dúinn plé a dhéanamh ar aon ní tábhachtach a chabhródh le do pháiste san aistriú ón mbunscoil go meánscoil, agus an t-aistriúchán sin a éascú.

4 – Córas Iompair Scoile

(Ar oscailt go dtí 8ú Bealtaine 2026)

Tá gach eolas agus nascanna sa doiciméad thíos:

Nasc don leathanach um Iompar Scoile Bus Éireann

5 – Rogha Ábhar trí Tyro

(Meitheamh 2026)

6 – Trealamh

(Meitheamh 2026)

Beidh Scéim Iasachta Leabhar á chur ar fáil do Bhliain 1 2026-27 ó Lúnasa 2026 ar aghaidh.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi scéim iasachta na leabhar agus stáisneoireacht scoile anseo: Liostaí Leabhar, Naisc agus Íoslódálacha – Coláiste Pobail Osraí 

  • Costais Scoile / Costs Bliain 1 2026-27 (ar fáil go luath)

8 – Ullmhúchán don Scoilbhliain

Cuirfear fáilte roimh Bhliain 1 ar leathlá i Lúnasa 2026 (8.50rn – 1.00in).

Féilire Scoile / School Calendar 2026-27 (ar fáil go luath)

Cúrsa Samhraidh Trí Lá – Lúnasa 2026 (eolas ar fáil go luath)

Conas ullmhú don scoilbhliain?

✔Cleachtaigh do Ghaeilge    ✔Bain taithneamh as an samhradh!

An Ghaeilge / Club Osraí: 

Is deis iontach í seo chun bhur gcuid Gaeilge a chur chun cinn sa bhaile. Bainigí úsáid as cuid de na smaointí sa rannóg thíos chuige sin.

 

Gaeloideachas also has a handy page for parents 

Is mór an chabhair atá sa suíomh seo do thuismitheoirí – sínigh suas don nuachtlitir agus breathnaigh ar na moltaí agus áiseanna atá ar fáil.

 

Tacaíocht:

Ionad Tacaíochta Oideachais Chill Chainnigh Ó am go ham cuirtear cúrsaí ar fáil anseo chun tacú le tuismitheoirí/caomhnóirí.

Taighde ar an aistriú ó bhunscoil go meánscoil

 

PHP Code Snippets Powered By : XYZScripts.com