Guth na nDaltaí

Dáil na Scoile

Is struchtúr ionadaíoch í Dáil na Scoile do na daltaí amháin, trínar féidir leo a bheith páirteach in imeachtaí na scoile. Bíonn said ag obair i bpáirtíocht le bainistíocht na scoile, leis an gCoiste Tuismitheoirí agus leis an bhFoireann chun an scoil a fheabhsú.

Bíonn cruinnaithe ar siúil dhá uair gach téarma ag am lóin le M.Cáit.

Uachtarán, Leas-Uachtarán, agus Rúnaí Dháil na Scoile

Ceapfar na róil seo as ionadaithe Dháil na Scoile & na Cinnirí. Stiúirfidh siad obair iontach Dháil na Scoile, agus tabharfaidh siad uasdátú agus aiseolas ón Dáil ag cruinnithe an Bhord Bainistíochta.

Cinnirí

Tugann pribhléid an róil deis do scoláirí sinsearacha a scileanna ceannaireachta a fhorbairt, a gcuid Ghaeilge féin agus Gaeilge a gcomhscoláirí a chur chun cinn, agus tionchar dearfach a imirt ar bhonn laethiúil agus reatha ar scoil. Ghlacamar iarratais ó na daltaí a chuir spéis sa ról, agus bhualamar leis na hiarrthóirí uile le plé ar an ról. Táimid go mór faoi chomaoin acu as an am a chaith siad linn chun riocht a chur ar an ról tábhachtach seo.

I measc na n-imeachtaí agus na ndualgas a aithníodh don ról beidh:

  • A bheith mar dhea-eiseamlár dá gcomhscoláirí, ag labhairt na Gaeilge i gcónaí agus ag cur leis an atmaisféar dearfach,
  • ag forbairt straitéise don Ghaeilge le grúpa múinteoirí agus i gcomhair leis an gcoiste Gaelbhratach,
  • ag feidhmiú mar ambasadóirí na scoile ar ócáidí speisialta,
  • a bheith i measc na ndaltaí ag amanta sóisialta, ag tabhairt faoi imeacht am lóin, agus ag tabhairt aitheantais dá gcomhscoláirí i leith úsáid na Gaeilge
  • agus nithe eile a aithnítear ag cruinnithe míosúla na Cinnirí.
PHP Code Snippets Powered By : XYZScripts.com