Buntáistí an Tumoideachais

Cén fáth Oideachas trí Ghaeilge?
Buntáistí an Tumoideachais
Foghlaimíonn daltaí i nGaelcholáiste gach ábhar trí Ghaeilge. Ní hamháin go mbíonn siad líofa sa Ghaeilge, ach forbraíonn siad scileanna a chabhraíonn leo ar fud an churaclaim.
1. Smaoineamh níos léire. Bíonn daltaí dátheangacha níos fearr ag réiteach fadhbanna, ag díriú a n-aird agus ag smaoineamh ar bhealaí éagsúla.
2. Buntáiste i dteangacha eile. Tuigeann daltaí conas a oibríonn teanga, agus déanann sin níos éasca é teangacha eile a fhoghlaim, an Béarla san áireamh.
3. Ní fhulaingíonn an Béarla. Léiríonn taighde éireannach go néireann le daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge chomh maith le, nó níos fearr ná, a bpiaraí i léitheoireacht an Bhéarla agus sa Mhatamaitic.
4. Féinmhuinín agus féiniúlacht. Cothaíonn an dátheangachas meas ar chultúir eile agus tuiscint níos doimhne ar ár bhféiniúlacht féin.
Ó bhunscoil Bhéarla? Tá fáilte roimh do pháiste. Bíonn ranganna breise Gaeilge sa Chéad Bhliain, agus tá Campa Samhraidh trí Ghaeilge againn roimh thosú na scoile. Tháinig iardhaltaí ar nós Alan Ó Cais, atá ag obair i mBarcelona anois, ó bhunscoil Bhéarla.
Ó Ghaelscoil? Is é Coláiste Pobail Osraí an chéad chéim nádúrtha, le do chairde, trí Ghaeilge.
Riachtanais bhreise oideachais. Tá na tacaíochtaí céanna ar fáil i nGaelcholáiste agus in aon scoil eile. De réir an NCSE, ní dhéanann oideachas dátheangach aon dochar do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu.
Taighde:
An Tumoideachas: Na Buntáistí – Tacaíocht ón Taighde (leagan Gaeilge) le COGG
An Tumoideachas: Na Buntáistí – Tacaíocht ón Taighde (leagan Béarla) le COGG
Postaer – Buntáistí an Tumoideachais (leagan Gaeilge) le Gaeloideachas
Postaer – Buntáistí an Tumoideachais (leagan Béarla) le Gaeloideachas
“Bilingual education for children with SEN does no harm and clearly does contribute to social, emotional and interpersonal growth.”
