+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie
D’oscail Coláiste Pobail Osraí le 13 mac léinn tosaigh ar an 3ú Meán Fómhair, 1991. Sroicheadh an lá stairiúil sin tar éis idirbheartaíochta fhada, chasta idir Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Chainnigh, an Roinn Oideachais agus Áire Oideachais an ama sin, Máire Ní Ruairc.

Dream tuismitheoirí cróga, tiomnaithe a dhein formhór na h-oibre seo. Tuistí an chéad ghrúpa scoláirí a chuir a mbunoideachas i gcrích trí mheán na Gaeilge iadsan. Tháinig an smaoineamh ar iarbhunscoil lán-Ghaelach chun cinn ag tús 1989 nuair a cuireadh an cheist faoi bhráid tuismitheoirí Ghaelscoil Osraí gur rud nádúrtha é go bhforbródh iar-bhunscoil lán-Ghaelach ón nGaelscoil.

B’iomaí duine a bhí in amhras faoi. Bhí rogha mór d’iarbhunscoileanna i gCill Chainnigh cheana féin. B’é an buntáiste ba mhó a bhain leis ná go leanfadh an scoil nua leis an traidisiún a bheith toilteanach Ghaeilge a labhairt mar ghnáth theanga chumarsáide i measc na mac léinn agus múinteoirí.
Ba é an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ag an am Brendán Ó Conbhuí, tionscnóir láidir na teanga Gaeilge é féin, a dhein réamhtheagmhála is moltaí thar ceann an choiste scoile is an Choiste Ghairmoideachais leis an Roinn Oideachais i mBealtaine 1990. Lean turas crua achrannach le cuid mhór cur ar gcúl, díomá is dóchas leanúnach.

Thairg an Coiste Gairmoideachais, faoi threoir an Phríomhoifigigh Fheidhmiúcháin, Breandán Ó Conbhuí, an deis scoil neamhspleách a bhunú a d’fheidhmeodh mar scoil ar leith laistigh de struchtúr an Choiste Ghairmoideachais le soláthar foirne agus bainistíocht dá cuid féin aici.

Ba í Cáit Uí Chionnaith an chéad mhúinteoir i bhfeighil. Chuir Múinteoir Cáit rian na cáilíochta is na cuibhiúlachta ar an scoil nua is thuill sí gean is dílseacht na scoláirí nua is tuistí araon. Chuaigh sí i bhfeidhm go mór ar an bpobal uile leis an gcúirtéis is an dínit a bhí go smior inti. Dhréachtaigh sí an mana scoile “Doras Feasa Fiafraí” a mhaireann go dtí an lá inniu. Is é an mana sin a bhí ag croílár gníomhaíochtaí uile Choláiste Pobail Osraí.

Tharla athrú mór i 2003 nuair a réitigh Ruairí Uas. Ó Corráin agus an Coiste Gairmoideachais go dtabharfaí neamhspleáchas iomlán do Choláiste Pobail Osraí le soláthar foirne agus buiséid dá chuid féin san áireamh. D’eirigh le Coláiste Pobail Osraí Stádas Neamhspleách a chur i gcrích i 2007.

An chloch ba mhó ar a paidrín sa ghearrthéarma ná “foirgneamh deisiúil nua-aimseartha” a sholáthar do na mic léinn is don scoil uile. Is mór an dul chun cinn atá déanta ó na trí sheomra ranga tosaigh i bhfoirgneamh Sheosaimh Naofa go dtí an liosta cuimsitheach d’áiseanna ar láithreán Bhóthar Urmhumhan. Faoi láthair, cuirtear raon iomlán áiseanna ó shaotharlanna eolaíochta, páirceanna spóirt agus seomraí don Ealaín, d’eacnamaíocht Bhaile is d’ábhair theicneolaíochta ar fáil don uile scoláire.

I mbliana déanfaidh Coláiste Pobail Osraí ceiliúradh ar cúig bliana is fiche ar an bhfód trí cheiliúradh a dhéanamh ar fhás agus ar fhorbairt an Choláiste. Míle buíochas do gach éinne a bhí linn ar ár dturas.