Cuirimid réimse leathan ábhar ar fáil do dhaltaí uile na scoile.
Sraith Shóisearach
Don tSraith Shóisearach, cuirtear réimse leathan d’ábhair ar fáil. Déantar gach ábhar sa chéad bhliain le blaiseadh ar ábhar ag tús na bliana agus tógtar rogha ábhar ina dhiaidh sin.
Ábhair: Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Stair, Tíreolaíocht, Fraincis, Gearmáinis, O.S.S.P., O.S.P.S., Eolaíocht, Staidéar Gnó, Ealaín, Eacnamaíocht Bhaile, Teicneolaíocht Ábhair (Adhmad), Teicneolaíocht, Ceol, Creideamh, Ríomhaireacht agus Corpoideachas.
Ardteistiméireacht
Cuirtear réimse iomlán ábhar ar fáil don tsraith shinsearach ag brath ar roghnú na ndaltaí sula dtosaíonn siad sa chúigiú bliain.
Ábhair: Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Fraincis, Gearmáinis, Tíreolaíocht, Bitheolaíocht, Fisic, Ceimic, Stair, Cuntasaíocht, Eacnamaíocht, Staidéar Foirgníochta, Ealaín, Ceol, Creideamh, O.S.P.S., Ríomhaireacht agus tuilleadh.
Idirbhliain
Tá clár iomlán againn don Idirbhliain atá ar ardchaighdeán do dhaltaí a bhfuil an tsraith shóisearach críochnaithe acu. Tugann an Idirbhliain deis do dhaltaí scileanna a fhorbairt agus rudaí éagsúla a bhlaiseadh, chomh maith le tógaint ar a gcuid oibre agus forbairt scileanna ón tsraith shóisearach.
Tá réimse leathan ábhar ar fáil a chuireann le forbairt an dalta. Ina measc siúd tá an Ghaeilge, Béarla, Matamaitic, Teangacha iasachta, Corpoideachas chomh maith le blaiseadh an-chuid ábhar eile. Cuirimid a lán roghanna ar fáil. Seo thíos roinnt samplaí don mhéid a bhíonn ar siúl acu.
- ICT Skills – Microsoft Academy
- Sábháilteacht Bóthair
- World Global Schools
- Young Social Innovators
- Drámaíocht
- Oideachas Fiontraíochta agus Mionchomhaltacht
- Media Studies
- Gaisce – Gradam an Uachtaráín
- Taithí Oibre
- Ceol agus Cór
- Eacnamaíocht Bhaile
- Garchabhair
- Díospóireacht