Tá saol corraitheach i ndán dúinn agus muid ar an mbealach le bogadh go scoil ar láithreán aonair úrnua.
- Campas oideachasúil 10 n-acra i bPurláin an Iarthair.
- Foirgneamh scoile nua ag freastail ar ár ndaltaí.
- Áis Corpoideachais úrscothach le halla gleacaíochta iomlán, seomra aclaíochta, cúirteanna imeartha crua, 2 shaotharlann lán-áisithe.
- Seomraí speisialtóireachta don TFC, Ealaín, Eacnamaíocht Bhaile, Staidéir Fhoirgníochta, Teicneolaíocht.
- Seomra il-mheán, leabharlann mhór, áiseanna ceaintín agus 16 seomra ranga ginearálta chomh maith le seomraí áise agus oifigí tacaíochta.
Táimid ar bís go bhfuil spás eisiach dár gcuid féin i ndán dúin, le fás agus forbairt a dhéanamh.