+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie

Ag Freastal ar Choláiste Pobail Osraí

  Cén fáth go bhfuil ag eirí chomh maith sin le Coláiste Pobail Osraí?

    • Freastlaímid ar gach páiste mar dhuine aonair.
    • Tá foireann díograiseach le hard-scileanna againn.
    • Mar go bhfuil córas tréadchúraim agus tacaíochta pearsanta éifeachtach againn.
    • Cothaíonn muid pobal foghlama scoile le hard-chaighdeán a éileamh.

Feabhas Acadúil

Déantar dul chun cinn na ndaltaí uile a mheas ar bhonn rialta mar ranganna agus ag leibhéal an rannóg ábhair. Baintear úsáid as modhanna éagsúla measúnaithe agus taifeadta chuige sin. Cuirtear tuairiscí scoile ar fáil do thuismitheoirí/chaomhnóirí, agus pléitear dul chun cinn agus forbairt na ndaltaí ag cruinnithe tuismitheoirí/múinteoirí, agus ag pointí eile mar is cuí.

Tháinig claochlú ar ár stíl mhúinteoireachta agus mheasúnaithe le tús ré na measúnaithe rangbhunaithe ag an Sraith Shóisearach, rud a chuireann le hullmhúchán na ndaltaí do riachtanais na hArdteistiméireachta agus do mheasúnaithe ag an 3ú leibhéal. Thar gach ní eile tá, eispéireas oideachasúil den scoth ag Choláiste Pobail Osraí mar go bhfuil sainmheon Gaeilge go smior ionainn a spreagann ár ndaoine óga chun creidiúint iontu féin mar Éireannaigh agus gnóthú dá réir. 

Ní hamháin go ngnóthaíonn ár gcuid daltaí go hacadúil, gnóthaíonn siad sa spórt, sa drámaíocht, san ealaín agus sa cheol. Gnóthaíonn siad sna himeachtaí curaclaim agus seach-churaclaim éagsúla.

Fásann siad go pearsanta agus go sóisialta i dtimpeallacht sábháilte bunaithe ar chaidrimh shona láidre. Imíonn siad amach sa saol le gnóthú i réimse gairmeacha agus slite beatha. Tugann siad leo na tréithe a chothaigh siad ar scoil, féin-chreideamh, dearcadh pobail agus líofacht sa Ghaeilge. Seo an fhís atá againn don pháiste s’agatsa. Leanann Coláiste Pobail Osraí den fhás, den síor-fheabhsú, den nuálú. Tá aistear corraitheach romhainn don sé bliana seo chugainn.

Sa deich mbliana atá curtha dínn, ghnóthaigh triúir as gach ceathrar daltaí againn os cionn 400 pointe san Ardteistiméireacht, agus ghnóthaigh duine i ngach triúir breis is 500 pointe.

Tacaíocht Struchtúrtha

Cuireann an scoil béim ar thábhacht an tréadchúraim agus tá sé mar aidhm againn freastal ar riachtanais gach dalta, agus leas agus forbairt gach dalta faoinár gcúram. Oibríonn oidí bliana, an múinteoir gairmthreorach, an príomhoide agus príomhoide tánaisteach mar fhoireann i gcomhar le tuismitheoirí/caomhnóirí. Tá polasaithe agus cláir i bhfeidhm a phléann le forbairt phearsanta agus sóisialta, sláinte, obair bhaile, bulaíocht, agus mí-úsáid substaintí, agus déantar athbhreithniú orthu sin go rialta.

Tugtar tacaíocht d’ár ranganna sóisearacha ina bhforbairt acadúil agus sóisialta trí chlár ‘Treoir’ Choláiste Pobail Osraí. Tá cruinnithe tacaíochta indibhidiúil míosúla mar bhunchloch an chórais, ina mbuaileann daltaí lena n-oidí ranga nó bliana. Déantar athbhreithniú ar dhul chun cinn acadúil agus ar aon bhac ar fhorbairt. Pléitear cúrsaí sóisialta le cur chuige réamhghníomhach, i gcomhthéacs sábháilte, rud a thacaíonn linn chun dul i ngleic le fadhbanna go luath, agus iad fós mar mhionfhadhb. Roinntear torthaí na gcruinnithe le tuismitheoirí. Tacaíonn an próiseas seo le riachtanais an dalta a aithint agus an tacaíocht chuí a sholáthar. I measc na dtacaíochtaí tá ranganna teanga sa bhreis, cabhair bhreise laistigh nó lasmuigh den rang nó mionathrú ar mhúinteoireacht ranga.

Feidhmíonn na cruinnithe tacaíochta seo go dlúth lenár gcóras tacaíochta d’iompar dearfach. Tá béim curtha ar chroí-luachanna na scoile lenár gcóras luaíochta/díluaíochta, ina measc siúd tá feabhas san fhoghlaim, iarracht, dearfacht, an teanga Gaeilge, agus comh-mheas agus cuirtéis. Déantar taifead ar dhul chun cinn gach dalta ar bhonn cuimsitheach agus leanúnach. Tá teacht fhíor-ama ag tuismitheoirí ar an dtuairisc fhorbartha dhinimiciúil seo.

Fásann daltaí go pearsanta agus go sóisialta i dtimpeallacht atá sábháilte agus bunaithe ar chaidrimh atá sásta agus láidir. Sa chaoi seo, caomhnaítear an t-atmaisféar ar leith atá ag ár scoil: pobal muiníneach, ábalta, cruthaitheacht, atá urramach ar dhifríochtaí agus bródúil astu féin.

Tugaimid cuireadh duit bheith linn.

Ní chaitear leat mar uimhir amháin, ach mar dhuine aonair. Déanann na múinteoirí iarracht aithne a chur ort mar fíor-dhuine.

Dalta, Bliain 6