Riachtanais Bhreise Oideachais
Ag tacú le daltaí le Riachtanais Bhreise Oideachais inár Scoil

Foireann Tacaíochta Daltaí i gColáiste Pobail Osraí
Tá Foireann Tiomnaithe Tacaíochta Daltaí againn i gColáiste Pobail Osraí, comhdhéanta den Phríomhoide Tánaisteach, an Comhairleoir Gairmthreorach, an Cúntóir Riachtanas Breise, an Comhordaitheoir Folláine agus an Múinteoir Oideachais Bhreise.
Is é ár sprioc ná chun tacú le scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise foghlama aitheanta acu inár seomraí ranga, agus tacú lena múinteoirí freisin.
Chuige seo, tá an scoil rannpháirteach i gCóras Leanúnach na Tacaíochta (NEPS).
Cén bhuairt atá ann?
Céard atá ag tarlú?
Cén chaoi gur féidir cabhrú?
Ar éirigh leis?
Córas Leanúnachas na Tacaíochta (NEPS)
Is samhail réiteach-fadhbanna de mheasúnú agus d’idirghabháil é Córas Leanúnach na Tacaíochta a chuireann ar chumas scoileanna sonraí a bhailiú agus a anailísiú, chomh maith le dul chun cinn scoláirí aonair a phleanáil agus a athbhreithniú.
Faoin gCreat seo, aithnítear trí leibhéal tacaíochta:
- Tacaíocht do Chách
- Tacaíocht Scoile / Tacaíocht Bhreise na Scoile
- Tacaíocht Scoile Plus / Tacaíocht Bhreise Scoile Plus
Tríd an gcreatlach seo is féidir le scoileanna riachtanais oideachais scoláirí a aithint – riachtanais acadúla, shóisialta agus mhothúchánacha – chomh maith le riachtanais a bhaineann le deacrachtaí fisiciúla, céadfacha, teanga agus cumarsáide. Leagtar béim ar riachtanais an scoláire a mheas i gcomhthéacs agus cuirtear acmhainní úsáideacha ar fáil chun tacú leis seo.
Ról na gComhairlí Náisiúnta
Tá An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) tar éis réimse tacaíochtaí a fhorbairt maidir le tuairisciú agus aistriú eolais scoláirí ó bhunscoileanna go meánscoileanna.
Nasc: Pas Oideachais | NCCA
Is minic a aithnítear riachtanais bhreise oideachais scoláirí sula dtosaíonn siad san iar-bhunscoil. Tá sé riachtanach eolas ar fhoghlaim na scoláirí a bhailiú óna mbunscoileanna agus óna dtuismitheoirí chun soláthar cuí a phleanáil agus chun leanúnachas agus dul chun cinn a chinntiú i bhfoghlaim an scoláire.
Tá An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) tar éis treoirlínte agus físeáin eolais a fhorbairt do thuismitheoirí maidir le haistriú ó bhunscoil go hiar-bhunscoil.
Nasc: Ag bogadh ón mBunscoil go dtí an Iar-bhunscoil – National Council for Special Education – Working to deliver a better special education service
