+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie
Craic agus spraoi anseo do Sheachtain na Gaeilge – great fun for Seachtain na Gaeilge!
Mar chuid den imeacht, ghlac an chéad bhliain páirt i dTráth na gCeist (table quiz). Chuir na buachaillí ón rang Gaeilge na ceisteanna le chéile agus bhí siad mar éascaitheoirí (facilitators) ag léamh na gceisteanna. Ba léir gur bhain gach duine taitneamh as. Ansin ar maidin, d’imir an chéad bhliain cluiche Idirthalaimh (No-mans Land), ag baint úsáide as téarmaí nua spóirt a d’fhoghlaim siad i rith na seachtaine. Bhí an ghrian ag taitneamh dúinn as bhí an-spraoi ag gach duine!