+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie

B’iontach an seó a bhí ann sa Riverbank i nDroichead Nua, Cill Dara inné, buíochas le hiomaitheoirí uile Scléip. Seo thíos liosta de na buaiteoirí. Ar aghaidh linn go Doire ar an Aoine le haghaidh Babhta #4! Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt i mbabhtaí #1, #2 agus #3, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh astu agus táimid ag súil go mór leis an gcraobh ceannais san Axis ar an 9 Márta.
Scoileanna rannpháirteacha:

* Gaelcholáiste Phort Láirge
* Coláiste an Eachréidh
* Coláiste Pobail Osraí
* Gaelcholáiste Cheatharlach
* Gael-Choláiste Chill Dara
* Meánscoil Gharman
Ceol nua-aimseartha (aonair):

* Sorcha Ní Chionnaith, Gaelcholáiste Chill Dara (sóisear)
* Eoin Snyder, Coláiste Pobail Osraí (sinsear)
Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

* Muireann agus Sinéad, Coláiste an Eachréidh (sóisear)
* NGP, Gaelcholáiste Cheatharlach (sinsear)
Rince cruthaitheach (aonair):

* Dearbhla, Meánscoil Gharman (sinsear) agus
* Tara, Gaelcholáiste Cheatharlach (sinsear)
Rince cruthaitheach (grúpaí):

* Andi agus Izzie, Coláiste Pobail Osraí (sóisear)
* Saol, Gaelcholáiste Cheatharlach (sinsear)
Drámaíocht/Mím (aonair agus grúpaí):

* Na Gnáth Amhrastaigh, Gaelcholáiste Chill Dara (sóisear)
* Na Seacht bPeaca Mharfacha, Gaelcholáiste Chill Dara (sinsear)
Rogha na Moltóirí:

* Na Buachaillí Tanaí Bána, Coláiste Pobail Osraí (sóisear)