+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie

Ag dul ó neart go neart!

D’éirigh lenár gcailíní Osraí an dara cluiche sa tsraith a bhaint amach gan stró i Muine Bheag ar mhaidin ghruama, duairc. A great win for our girls in the second game of the league.

Cuireadh brú ar Choláiste Aindriú ón bpointe boise agus, cé nár ceadaíodh cúl Emma sa chéad cúpla nóiméad, choinnigh siad orthu agus níorbh fhada go raibh rath orthu. Mar a déarfá, níor chaill fear (nó bean sa chás seo) an mhisnigh riamh! Choiméadamar an brú an cluiche ar fad ach d’éirigh le Coláiste Aindriú teacht ar ais sa dara leath i mbéal an chúil. Sár-thaispeántas curtha isteach againn agus táimid ag súil leis an gcéad chluiche eile sa tsraith tar éis na Cásca. Osraí abú!

Scór deireanach 4 -1 ar ár son 🙌 #pobal #meas #comhionannas #éiteasetb