+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie
Cailíní Sinsireacha ag dul chun na craoibhe… Arís! / Senior girls headed to soccer final!
Thug na cailíní sinsearacha an lá leo Dé hAoine agus iad ag tabhairt aghaidh ar Choláiste Duiske ar maidin i nGráig na Manach. 🥅👏 D’éirigh linn an lámh in uachtar a fháil ón bpointe boise agus choinnigh orainn ó shin ar aghaidh. Ar aghaidh linn go dtí an craobh a bheas ar siúl roimh an Nollaig! 🎊🎄
CPO 4 – 1 Duiske
Faith ⚽️ Emma ⚽️ Cameron ⚽️⚽️
Ní raibh an t-ádh céanna ar na buachaillí s’againne ina gcluiche leathcheannais faraor. Bhí buntáiste baile againn in aghaidh bhuachaillí Duiske. Cluiche den scoth a bhí ann cinnte dearfach agus croí agus anam curtha isteach againne. Le cúpla nóiméad fágtha laistigh den ghnátham, fuair lucht an fhreasúra cúl chun an cluiche a sheoladh chuig am breise (2-2). ⌛️ Laistigh den am breise, d’éirigh leis an dá fhoireann dhá chúl eile a fháil, chun é a sheoladh chuig ciceanna pionóise (4-4). 🤯 Ar an drochuair, ní raibh ach cic amháin idir na foirne sa deireadh. Táimid croí-bhriste gan dabht ach níor chaill fear an mhisnigh riamh 💪 Táimid fíor-bhródúil astu uilig, bhí obair na gcapall curtha isteach i mbliana. Go raibh míle maith agaibh Múinteoirí Peadar agus Breandán a chabhraigh leo 👏
Cúil: Morgáin ⚽️ Cian ⚽️⚽️ Vanya ⚽️
#sacar #BarrFeabhaisSanOideachas