Míle buíochas le gach éinne a ghlac páirt inár n-Oíche Oscailte! Rinne sibh éacht 🥳🙌 A huge thanks to all who helped to make our Open Night a massive success!

Cuireadh fáilte mhór roimh chuairteoirí agus an banna traidisiúnta ag seinm, faoi stiúir Mhúinteoir Gráinne, lasmuigh ar an mbealach isteach. Chan an cór scoile ansin, faoi stiúir Mhúinteoir Siobhán agus le tionlacan ó Lydia ar an ngiotár. Stiúraigh Uachtarán agus Leas-Uachtarán Dháil na Scoile Daisy agus Tomás fóram daltaí – Caitlín, Caragh, Abby, Faye, Molly agus Jack – faoina n-eispéiris mar dhaltaí inár scoil. Agus labhair tuismitheoirí Kevin agus Ruth go paiseanta leis an slua maidir le buanna na scoile. Thug ár bPríomhoide Múinteoir Cathnia óráid uaidh freisin maidir leis na deiseanna a bhaineann leis an oideachas a chuirtear ar fáil anseo agus faoi thodhchaí na scoile agus sinn ag druidim níos gaire lenár bhfoirgneamh nua.

Agus cuairteanna ar siúl, ghlac ár gCinnirí agus daltaí sinsireacha eile ról na dtreoraithe orthu féin, in éineacht le múinteoirí agus tugadh cuairt ar sheomraí agus ábhair éagsúla. Baineadh an-sult as an méid a bhí le feiceáil agus le déanamh sna seomraí éagsúla, agus buíochas mór leis na múinteoirí agus daltaí a chuir sár-obair isteach ansin.

Bhí sóláistí blasta ar fáil a bhuíochas le daltaí Eacnamaíochta Baile agus Múinteoir Aisling, agus táimid go mór faoi chomaoin ag Coiste na dTuismitheoirí a thug tacaíocht leis sin freisin.

Sár-oíche fíor-dhearfach a bhí againn, agus bhí atmaisféar bríomhar agus bród inár bpobal scoile go mór le braith. #pobalgaelach 💚

PHP Code Snippets Powered By : XYZScripts.com