+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie
Déardaoin seo caite, cuireadh lá spóirt ar bun ag Páirc an Chaisleáin mar chuid de Sheachtain ETB. D’eagraigh an rang idirbliana na himeachtaí ar an lá agus bhí lucht na chéad bhliana agus lucht na dara bliana páirteach iontu.
A great day of activities in the Castle Park on Thursday run during ETB Week by our Transition Year Ceannairí don Todhchaí / Future Leaders. 1st and 2nd Year students took part in a wide variety of races and activities during the morning.
Chuir lucht na hidirbliana na foirne le chéile, measctha idir an dá bhliainghrúpa, idir chailíní agus bhuachaillí (luach an chomhionnanais le feiceáil). Bhí dathanna difriúla ag gach foireann, ag taispeáint luach an phobail. Bhí muintir na hidirbliana ag stiúradh na n-imeachtaí, ag cinntiú go raibh gach duine páirteach iontu agus ag baint taitnimh astu (luach an chúraim le feiceáil). Dar ndóigh, bhí an Ghaeilge, luach ar leith dúinne, le cloisteáil freisin!
I measc na n-imeachtaí a bhí á ndéanamh againn, bhí tarraingt téide, poc fada, rás céad méadar agus rásanna seafóideacha ar nós rás barra rotha, ubh agus spúnóg, rás droma agus rás na málaí.
Thaitin an lá go mór leis na blianta sóisearacha agus bhí sé fíordheas bheith saor ó na gnáthranganna chun an tSeachtain ETB a cheiliúradh. Maith sibh lucht na hidirbliana as ucht an eagrúcháin!