+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie
Is tionscnamh de chuid na Comhairle Eorpaí i Strasbourg é Lá Eorpach na dTeangacha. Ceiliúrtar é ar an 26ú Meán Fómhair gach bliain ó 2001.🇪🇺

Our students enjoyed lots of activities recently for European Day of Languages. We thank the Transition Year students and the language teachers who put so much work in to make for a memorable experience. Among the activities organised were: games in French and German, Kahoot, nature trail, presentations, poster competition, films, music and a special breakfast for TY.

I mbliana bhí lucht na hidirbhliana ag eagrú agus glacadh páirte i roinnt imeachtaí taitneamhacha le cúpla seachtain anuas chun an lá a cheiliúradh. D’imir siad cluichí Fraincise agus Gearmáinise (Qui est-ce, Les faires de courses, cispheil agus sacair ina measc).⛹🏼‍♀️

Réitigh an rang Fraincise cluiche Kahoot en français agus d’imir siad an cluiche leis an gcéad agus an dara bliain.🥇🏆

D’eagraigh duine de na buachaillí sa rang Gearmáinise turas ar chonair dhúlra.🍃

Chuir na ranganna cur i láthair le chéile faoin bhFrainc agus faoin nGearmáin agus thaispeáin siad iad do na ranganna eile.🥐🥖🥨🧀

Bhí siad i gceannas ar chomórtas póstaeir leis an gcéad, dara agus tríú bliain.🎨

Dé Luain (27ú MF), bhuail na ranganna le chéile sa halla chun bia Fraincise agus Gearmáinise a bhlaiseadh agus éisteacht le ceol Eorpach.🥐🍰🎼

Um thráthnóna, bhreathnaigh siad ar scannáin ‘en français’ (Les Choristes) agus en deutsch ‘Isi und Ossi’ 🎬🍿

Thaitin na himeachtaí go mór le gach duine agus tá i bhfad níos mó ar eolas againn faoi theangacha agus chultúr na hEorpa anois! 🇫🇷🇧🇪