+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie

Bhí an-lá ag buachaillí agus cailíní ar an turas go Meánscoil Gharmáin inné. D’imir na cailíní i gcluiche peile agus bhí an bua acu ar scór CPO: 3-5 – Meánscoil Gharmáin 2-6. Bua againn le dhá phointe sa bhreis!! An enjoyable day on our junior teams’ trip to Meanscoil Gharmáin in Enniscorthy. A very strong match from our girls in particular in the football.

Bhí ard-lá ag na cailíní sóiséaracha in Inis Córthaidh. Ba léir gur fhoghlaim siad óna mbotúin ón gcéad chluiche in aghaidh Choláiste an Ghrianáin. Ar an ócáid sin, ní raibh an t-ádh linn ag imirt in aimsir ghránna in aghaidh foirne le níos mó taithí. Bhíodh tréimhsí maithe againn agus bhíomar rathúil iontu. Sheas cúpla cailín amach ar an bhfoireann óg sa chluiche sin, Ruth Ní C, Saoirse B, Róisín S agus Faye Ní L ina measc. They had clearly learned from errors made in their first match against Grennan College, which they played against a more experienced team and in inclement weather. 

Chuir siad na ceachtanna ón gcailliúint sin i bhfeidhm chun an lámh in uachtar a fháil ar an bhfoireann bhaile inné. Bhí spraoi agus spórt acu ar an bpáirc agus as an bpáirc agus táimid ag súil leis an gcéad chluiche eile! Idir an dá linn, is cúis áthais dúinn a fheiscint na cailíní ag cleachtadh le chéile ag am lóin! They put the lessons learned into action yesterday and came away with the win. They enjoyed the game and it’s been great to see them putting in the work during lunchtime training. 

Bhí mí-ádh ar na buachaillí sa chluiche iomána inné, ach d’imir siad go tréan. Beidh lá eile ag an bPaorach! Ba mhaith linn míle buíochas a ghabháil le M.Lughaidh agus M.Aisling as an eagrúchán agus as an spreagadh a thugann siad i gcónaí. Our junior boys’ hurling team were unlucky in their match yesterday, though they kept the heads up throughout the match. They will have another day, and we hope to see them continue to work in the training sessions. A huge thanks to múinteoirí Lughaidh and Aisling for their organisation and inspiration. Osraí abú!