Buíochas ollmhór le Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín a chuir fáilte Uí Cheallaigh roimh ár mBlianta 1 & 4 chun bheith sa lucht féachana don seó iontach High School Musical trí Ghaeilge. Bhaineamar an-sult as agus rinne daltaí Choláiste Ghlór na Mara sár-obair ar an ardán! Comhghairdeas ollmhór le hiardhalta agus iarmhúinteoir anseo, M.Niall, a rinne éacht mar stiúrthóir! 👏🎭 #pobalgaelach
High School Musical trí Ghaeilge!
Apr 22, 2024


