Guth na nDaltaí
Dáil na Scoile
Is struchtúr ionadaíoch í Dáil na Scoile do na daltaí amháin, trínar féidir leo a bheith páirteach in imeachtaí na scoile. Bíonn said ag obair i bpáirtíocht le bainistíocht na scoile, leis an gCoiste Tuismitheoirí agus leis an bhFoireann chun an scoil a fheabhsú.
Bíonn cruinnaithe ar siúil dhá uair gach téarma ag am lóin le M.Cáit.
Uachtarán, Leas-Uachtarán, agus Rúnaí Dháil na Scoile
Ceapfar na róil seo as ionadaithe Dháil na Scoile & na Cinnirí. Stiúirfidh siad obair iontach Dháil na Scoile, agus tabharfaidh siad uasdátú agus aiseolas ón Dáil ag cruinnithe an Bhord Bainistíochta.
Cinnirí
Tá sé mar cúis mhór bhróid a bheith ag fógairt scéim na gCinnirí don scoilbhliain 2021-22. Tabharfaidh pribhléid an róil deis do scoláirí sinsearacha a scileanna ceannaireachta a fhorbairt, a gcuid Ghaeilge féin agus Gaeilge a gcomhscoláirí a chur chun cinn, agus tionchar dearfach a imirt ar bhonn laethiúil agus reatha ar scoil. Ghlacamar iarratais ó na daltaí a chuir spéis sa ról, agus bhualamar leis na hiarrthóirí uile le plé ar an ról. Táimid go mór faoi chomaoin acu as an am a chaith siad linn chun riocht a chur ar an ról tábhachtach nua seo.
I measc na n-imeachtaí agus na ndualgas a aithníodh don ról beidh:
- A bheith mar dhea-eiseamlár dá gcomhscoláirí, ag labhairt na Gaeilge i gcónaí agus ag cur leis an atmaisféar dearfach,
- ag forbairt straitéise don Ghaeilge le grúpa múinteoirí agus i gcomhair leis an gcoiste Gaelbhratach,
- ag feidhmiú mar ambasadóirí na scoile ar ócáidí speisialta,
- a bheith i measc na ndaltaí ag amanta sóisialta, agus ag tabhairt aitheantais dá gcomhscoláirí i bhfoirm pointí dearfacha atá tuillte ag daltaí i rith na seachtaine a bhronnadh
- agus go leor leor eile nach iad.
Táimid go mór faoi chomaoin acu as an am a chaith siad linn chun riocht a chur ar an ról tábhachtach nua seo.