+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie
Coláiste Pobail Osraí 3 – 2 Ceardscoil Chathair Chill Chainnigh
An chéad chluiche ab ea é agus bhí an-chomórtas ar bun againn ón gcéad chic. Fuaireamar dhá chúl sa chéad leath, ceann amháin ó chic pionóis tógtha ag Ruth Ní C. Fuair an Cheardscoil ceann ar ais roimh leatham. A great start to our campaign, with 2 goals for our girls in the first half. One of these was a a penalty kick by Ruth. Then, KCVS got a goal before half-time.

Rinneadh cúpla athrú sa dara leath agus b’in an difríocht. Chuir na cailíní an-bhrú ar an gceardscoil agus chailleamar cúpla deis agus an cúl ar aghaidh boise againn. Fuaireamar an tríú cheann agus cheapfá go raibh an bua cinntithe againn le dhá chúl chun tosaigh. Tháinig an cheardscoil ar ais áfach agus fuair siad cúl eile ó chic pionóis. With a few changes in the second half, we made good headway. Our girls put KCVS under pressure, and we had a few chances at goal but no change to the score at that stage. We got our third goal, which should have put is in the clear, but the KCVS team were always on our heels and scored a goal from penalty late in the second half.

 

Bhrúamar ar aghaidh go dtí an fheadóg dheireanach agus bhí an-obair curtha isteach againn! We kept the pressure on and came away with the win in the end. Onwards we go to the next match! Ar aghaidh linn go dtí an chéad cheann eile i gceann seachtaine!!