
Cathnia Ó Muircheartaigh Príomhoide
Coláiste Pobail Osraí
A Chairde. Faoi láthair tá machnamh á dhéanamh agaibh ar oideachas dara leibhéal do bhur gclann. Éiríonn le Coláiste Pobail Osraí ard-chaighdeán oideachais agus torthaí iontacha a bhaint amach go rialta.
Is scoil lán-Ghaeilge chomhoideachais í Coláiste Pobail Osraí a bunaíodh i 1991, i lár Chathair Chill Chainnigh. Is é príomhchuspóir na scoile ná go mbeadh oideachas leathan ag gach dalta agus go mbeidís féinmhuiníneach agus ullamh don todhchaí nuair a fhágfaidh siad an scoil.
Tá fianaise nach beag go bhfuil ag éirí linn. Maidir le torthaí acadúla, tá Coláiste Pobail Osraí ar cheann de na scoileanna is fearr sa tír le blianta anuas.
Cuireann tuismitheoirí cúram orainn aire mhaith a thabhairt dá gcuid páistí ar feadh sé bliana. Iarrann na tuismitheoirí orainn scileanna agus buanna na bpáistí a chothú, iad a spreagadh agus cur ar a gcumas na mian aidhmeanna atá acu a bhaint amach. Tá muid an-dáiríre faoin gcúram seo.
Is aidhm linn difear a dhéanamh i saol ár ndaoine óga. Tugann muid tacaíocht aonarach chuí do dhaltaí a bhfuil dua ar leith acu le go ngnóthóidh siad thar a bpoitéinseal. Agus soláthraíonn muid curaclam an-leathan le freastal ar riachtanais, ábaltacht agus suimeanna gach uile dhalta.
Ráiteas Misin
Is pobal foghlama é Coláiste Pobail Osraí a bhíonn ar thóir ardchaighdeán oideachais trí Ghaeilge a bhaint amach i gcomhthéacs a chothaíonn féinmhuinín agus chomh-mheas. Tugtar faoi dhúshlan an oideachais ar bhonn tacúil a spreagann buanna uile na ndaltaí.
I gColáiste Pobail Osraí cothaítear mórtas as an bhféiniúlacht Éireannach idir spórt agus cheol agus eile maraon le meas ar an teanga féin agus ar shaibhreas an chultúir thraidisiúnta. Aithnítear dinít agus ról an uile dhuine i gcomhthéacs an phairtinéireachais oideachasúil.
Tugtar aird ar an spioradáltacht, ar scileanna idirphearsanta agus cumarsáide in atmaisféar dearfach oscailte. Spreagtar misneach agus léirítear bród i ngniomhaíochtaí uile scoile.