Eolas – Ag Ullmhú do Bhliain 1 – 2025/26

A Chairde,

Fáilte go Coláiste Pobail Osraí. Tá sé i gceist againn eolas ginearálta a bheadh úsáideach daoibh a chur anseo in áit amháin. Bíonn sé á uasdátú againn ar bhonn rialta de réir mar a thagann spriocdhátaí chun cinn.

Mar is gnách ná bíodh leisce oraibh a bheith i dteagmháil linn le bhur gceisteanna nó bhur moltaí: oifig@osrai.ie

Le mór-mheas,

Coláiste Pobail Osraí

Dátaí Tábhachtacha

  • Measúnú Iontrála – 1/2/2025, 9.30-12.00
  • Bus Scoile –  Ar oscailt go dtí 25ú Aibreán 2025
  • Tyro (Uirlis Cumarsáide Tuismitheoirí): Socrú – Chomh luath agus is féidir
  • iPad: Wriggle Store & Scéim Leabhar – Roimh Meitheamh 2025
  • Cruinnithe Aonair – Meitheamh (Nasc seolta)

Tá neart doiciméad/nasc iniata thíos chun tacú libh leis an aistriú go meánscoil. Bígí i dteagmháil leis an oifig má tá aon éiginnteacht oraibh. 

1 – Socraigh Tyro

Seo uirlis chumarsáide ar líne do Theachtaireachtaí, Tinreamh & Tuairiscí (Ag Teastáil do Céimeanna 5 & 6)

Gheobhaidh tú do chuid sonraí logála do Tyro, agus beidh a thuilleadh eolais ann daoibh go luath. Bainfimid úsáid as Tyro Mail chun cumarsáid a dhéanamh leat faoi do pháiste, agus maidir le rogha ábhar, mar shampla. Bain leas as an nasc seo thíos chun dul i dtaithí ar é a úsáid. Agus an Aip Tyro íoslódáilte agat agus tú logáilte isteach, las fógraí le do thoil.

Córas íocaíochta Way2Pay le socrú tar éis Tyro.

Beidh gá eolas a thabhairt maidir le rogha ábhar a dhéanamh i mí an Mheithimh (Féach Céim 5).

2 – Ceannaigh iPad ó Wriggle Store

Dáta dúnta Meitheamh 2025.

Wriggle Online Store Login (wriggle.ie) Seoladh amach uimhir na scoile (cód scoile ar leith) amach ar théacs. Tá sé ar fáil ó oifig na scoile muna bhfuil teacht agat air. Gheofar eolas thíos maidir le ceannach an iPad agus pacáiste eolais sa Wriggle Parent Pack.

Tá bileog thíos maidir le íocaíocht le Wriggle a dtabharfadh eolas duit maidir le bealaí chun an costas a scaipeadh thar tréimhse ama, mar shampla gur féidir an costas a scaipeadh thar 1 bhliain amháin gan aon ús ná táillí.

6 – Cruinniú Aonair

Meitheamh (Nasc seolta trí ríomhphost)

Mar chuid den Chlár Ionduchtaithe ba bhreá linn cuireadh a thabhairt duit chun cruinniú aonair a bheith agat le ball foirne, dá mbeadh sé sin ag teastáil uaibh. Is í aidhm na cruinnithe ná chun deis a thabhairt dúinn plé a dhéanamh ar aon ní tábhachtach a chabhródh le do pháiste san aistriú ón mbunscoil go meánscoil, agus an t-aistriúchán sin a éascú.

4 – Córas Iompair Scoile

(Ar oscailt go dtí 25ú Aibreán 2025)

Tá gach eolas agus nascanna sa doiciméad thíos:

Nasc don leathanach um Iompar Scoile

5 – Rogha Ábhar – Líon amach trí Tyro

(Meitheamh 2025)

6 – Trealamh

(Meitheamh 2025)

Beidh Scéim Iasachta Leabhar á chur ar fáil do Bhliain 1 2025-6 ó Lúnasa 2025 ar aghaidh.

  • Costais Scoile / Costs Bliain 1 2025-26

7. Éide Scoile

Cinntigh ainm an dalta a chur ar gach ball éadaigh.

8 – Ullmhúchán don Scoilbhliain

Cuirfear fáilte roimh Bhliain 1 ar an Aoine 22ú Lúnasa 2025 (8.50rn – 1.00in).

Féilire Scoile / School Calendar 2025-26

Cúrsa Samhraidh – Trí lá – 18ú – 20ú Lúnasa 2025

Conas ullmhú don scoilbhliain?

✔Cleachtaigh do Ghaeilge    ✔Bain taithneamh as an samhradh!

An Ghaeilge / Club Osraí: 

Is deis iontach í seo chun bhur gcuid Gaeilge a chur chun cinn sa bhaile. Bainigí úsáid as cuid de na smaointí sa rannóg thíos chuige sin.

 

Gaeloideachas – Leathanach do Thuismitheoirí Is mór an chabhair atá sa suíomh seo do thuismitheoirí – sínigh suas don nuachtlitir agus breathnaigh ar na moltaí agus áiseanna atá ar fáil.

 

Tacaíocht:

Cuireann Ionad Tacaíochta Oideachais Chill Chainnigh cúrsaí ar fáil do thuismitheoirí/chaomhnóirí ó am go ham.

Taighde ar an aistriú ó bhunscoil go meánscoil 

 

PHP Code Snippets Powered By : XYZScripts.com