Bhí oíche iontach ag breis is 80 daltaí agus múinteoirí sa Staid Aviva le bua ag foireann na hÉireann i gcoinne na Meiriceánach. Thosnaíomar an turas le bia i Liffey Valley, agus ar aghaidh linn ansin go dtí an staid. Chríochnaigh an cluiche ar 4-1, agus chéiliúramar go fonnmhar le gach cúl. Míle buíochas leis na daltaí agus na múinteoirí as turas den scoth!