+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie

Thosaigh Dúshlán 50 inné ar an 31ú de mhí Eanair ag 14:00. Is comórtas é a mhaireann ar feadh 50 uair gach bliain. An aidhm atá ann ná  Gaeilge a scaipeadh agus a spreagadh ag baint úsáide as na meáin cumarsáide, go háirithe Twitter, Facebook, agus Instagram. Cuireann grúpaí de thriúr iarratas isteach ar an suíomh cnag.ie agus cruthaíonn siad leathanach Twitter don ghrúpa. Roimh a thosaíonn an Dúshlán, seolann Conradh na Gaeilge uimhir amach do gach foireann. Caithfidh na grúpaí an uimhir seo a úsáid i ngach Tvuit agus ríomhphoist a sheolann siad i rith an chomórtais, chomh maith le #Gaeilge, #Dúshlán, agus uimhir an dúshláin atá á dhéanamh acu.
Ag tús an chomórtais, seoltar amach liosta de 50 dúshlán. Bíonn tascanna difriúla ann gach bliain. Tá 50 uair ag na grúpaí, nó go dtí an 2ú de mhí Feabhra ag a 16:00, chun na dúshláin ar fad a dhéanamh. Caithfidh siad taifead a choimeád ar gach rud a dhéanann siad ar Twitter, agus iarr ar dhaoine iad a leanúint agus a dtvuíts a athghiolcaireáil. Faigheann siad pointí do gach dúshlán a dhéanann siad, agus is féidir roinnt dúshlán a athdhéanamh chun pointí breise a fháil.
I measc na ndúshlán atá le déanamh ag na grúpaí an bhliain seo, caithfidh siad tvuíts as Gaeilge a chur ar aghaidh go polaiteoirí, ‘Lá Breithe Shona Duit’ a chanadh go daoine ar an sráid, agus dul ar an raidió chun labhairt faoin Dúshlán.
Bíonn duaiseanna an-mhaith ar fáil ag deireadh 50 uair don ghrúpa leis na pointí is mó. An chéad dhuais ná 3 ipad mini nua,  agus an dara duais ná 3 dearbhán €100 One4All. Chomh maith leis sin, tá corn don scoil agus don choláiste is fearr. Má tá tú ag iarraidh tacú lenár ngrúpa, lean @laochraTG ar Twitter.
Beidh a fhios againn go luath cé hiad an triúr is Gaelaí sa tír!