Bhí ceiliúradh i gColáiste Pobail Osraí (meánscoil Gaeilge Cill Chainnigh) nuair a bhuaigh cailíní idirbhliain an chéad duais sinsearach sa rannóg Shóisialta agus Iompair ag comórtas BT Eolaí Óg na bliana seo.
Ba í Keire Ní Murchú captaen na foirne buacach agus mhínigh sí an méid a bhí déanta aici i dteannta le Ailís Ní Ghormáin, Caoimhe de Buitléir agus Cáit Ní Mhaolmhuaidh. “Rinneamar iniúchadh ar éifeacht prímeáil ar iompar dalta bunscoile agus iad i ngrúpaí de seachtar. D’iarramar orthu bheith ciúin i bealach dearfach nó diúltach – sé sin le rá ‘suí síos agus bí ciúin’ nó ‘ná seas suas agus ná déan aon gleo’. Chonaiceamar go raibh a mhalairt d’éifeacht ag an bhfoirm d’ordú ar bhuachaillí agus cailíní – is fearr ordú diúltach a thabhairt do chailíní agus ordú dearfach a thabhairt do bhuachaillí! Chonaiceamar freisin go raibh níos mó ionbhá ag cailíní ná buachaillí. Ní ionadh mór dúinn sin! Ach bhí níos mó ionbhá ag buachaillí nuair a bhí siad ina dteannta fhéin ná mar a bhí nuair a raibh cailíní ina measc. Táimid an bhuíoch don 450 dalta agus na múinteoirí ó Gaelscoil Osraí, De la Salle agus Baile Mhic Andáin a ghlac páirt.”
D’éirigh le dhá tionscnamh eile ón scoil dul chomh fada leis an RDS. Rinne Aaron de Baráin iniúchadh ar thruailliú in aibhneacha agus bhuaigh sé gradam Ard Mholadh ó na moltóirí. Rinne Dubhaltach Ó Maolriada, Aoise Ní Néill agus Molly Ó Broinn anailís pailine ar dríodar locha chun athraithe san éiceachóras le 50 bliain anuas a aithint.