+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie
Bhí an-deis ag ár scoláirí ar Dháil na Scoile aghaidh a thabhairt ar theach Laighin inné ar thuras lae. Chuaigh siad i dteagmháil le Teachtaí Dála áitiúla a chabhraigh linn an turas a eagrú. Bhí an t-ádh dearg lenár ndaltaí suí isteach ar na ceisteanna ó na ceannairí agus chuala siad an tAire Simon Coveney, An TD Mary Lou McDonald agus an TD Holly Cairns ag plé ‘is ag díospóireacht faoin gcóras tithíochta ina measc.
Ansin rinneadh turas de Theach Laighin, am a raibh deis againn bualadh isteach chuig an Seanad agus chualamar faoin earnáil caora in Éirinn. Cuireadh fáilte romhainn ann agus ba mhór an t-eispéireas é. Bhualamar leis an gCathaoirleach Seanaid freisin, an Seanadóir Jerry Buttimer, agus labhair sé linn faoi thuras Joe Biden agus bhí cúpla focal aige chomh maith!

Ina dhiaidh sin, bhualamar lenár dTeachtaí Dála áitiúla, an TD Kathleen Funchion agus an tAire Malcolm Noonan. Thug siad sólaistí ‘is tae dúinn agus bhí deis againn ceisteanna a chur orthu faoi chúrsaí Chill Chainnigh!
Bhí am againn ina dhiaidh sin cuairt a thabhairt ar an Músaem Náisiúnta Seandálaíochta, béal dorais le Teach Laighin. Ar an iomlán bhaineamar sár-thaitneamh as an lá agus tá roinnt dár scoláirí tar éis inspioráid a fháil tabhairt faoi thaithí oibre ann an bhliain seo chugainn. Is maith an scéalaí an aimsir!

Our Student Council enjoyed their trip to the houses of the Oireachtas yesterday. They were in contact with local TDs to help organise the trip and were very fortunate to sit in on Leaders’ Questions, before taking a tour of Leinster House. They then visited the Seanad, where they spoke with Senate Cathaoirleach Jerry Buttimer about Joe Biden’s recent trip. They met with TD Kathleen Funchion and Minister Malcolm Noonan for refreshments, and had the chance to speak with them about local Kilkenny matters. A visit to the National Museum of Archeology rounded off an excellent trip for them all. Hopefully some of them will have taken inspiration from the day for future work experience!
Buíochas mór le M.Aisling as an obair ar fad le Dáil na Scoile i rith na bliana!
#Comhionannas #Cúram #Meas #BarrFeabhaisSanOideachas #Pobal #Gaeilge