+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie

Thug daltaí Bl2 agus Bl4, i dteannta M.Jilly, lámh chúnta ag an tráth na gceist sa Ghaelscoil Dé Máirt chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Bhain gach éinne a bhí páirteach an-taitneamh as! Ansin, chuaigh daltaí Idirbhliana i mbun scéalaíochta leis na naíonáin i mBunscoil St Patrick’s De la Salle ar an gCéadaoin, agus fuair Coiste Gaelbhratach cuireadh chun dul agus an Dreoilín a dhéanamh leis na ranganna ann Déardaoin. Bhí an-sceitimíní le brath ó na páistí agus bhaineamar sár-thaitneamh as grá don teanga a spreagadh!

Táimid fíorbhródúil as na daltaí sin uile: Éabha, Annamaria, Ruby, Faye, Pádraig, Abby, Billy, Cate, Emma, Caragh, Ellie, Anna, Kathleen, Daisy, Lauren, Tomás, agus Evie!

#pobalgaelach ☘️☘️