Cosaint Sonraí
Tá Bord Bainistíochta Coláiste Pobail Osraí ina choiste de chuid BOOCCC, Seville Lodge, Br Challain, Cill Chainnigh, ar rialaitheoir sonraí é de réir na Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2018. Is é Oifigeach Cosanta Sonraí BOOCCC ná Colette Duggan agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis an té sin cduggan@kcetb.ie
Tá na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil ar an bhFoirm Iarratais seo agus sa cháipéisíocht atá ag gabháil leis de dhíth chun críocha: • Sainiúlacht agus dáta breithe a fhíorú; • Measúnacht agus critéir iontrála a fhíorú; • Múinteoirí agus acmhainní a leithdháileadh ar an scoil; agus • riaracháin na Scoile, ar tascanna iad ar fad de bhun dualgais reachtúla éagsúla atá BOOCCC faoi réir.
Má chliseann ort faisnéis den chineál sin a chur ar fáil d’fhéadfadh an t-iarratas a bheith neamhbhailí mar thoradh air sin agus d’fhéadfaí nach ndéanfaí áit a thairiscint.
Is féidir na sonraí pearsanta a thugtar sa bhFoirm Iarratais seo, nó atá mar pháirt den Fhoirm Iarratais seo, a chur in iúl go hinmheánach laistigh de BOOCCC agus go seachtrach leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) [NCSE] agus/nó an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) [NEPS] chun críocha infheidhmeachta na gcritéar roghnúcháin a chinntiú, agus d’fhéadfaí sin a dhéanamh leis an bpátrún nó le bord bainistíochta scoileanna eile chun iontráil éifeachtúil daltaí a éascú, de bhun alt 66(6) den Acht Oideachais 1998 arna chur isteach le halt 9 den Acht Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna) 2018. Féadfar é a roinnt freisin le Seirbhísí Tacaíochta Oideachais Tusla chun cabhrú leis an scoláire le deiseanna oideachais agus oiliúna, de réir alt 28 den Acht Oideachais (Leas) 2000.
Coinneofar na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil sa bhFoirm Iarratais seo ar feadh 7 mbliana ón dáta a mbeidh an dalta 18 bliana d’aois, mura bhfuil ceanglas reachtúil ann cuid nó gach gné de na sonraí a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide nó ar feadh tréimhse gan teorainn, mar atá leagtha amach i mBeartas Coinneála Sonraí BOOCCC, is féidir sin a fháil ar http://kcetb.ie/what-we-do/data-protection/ Is féidir cóip iomlán de Bheartas Coinneála Sonraí BOOCCC a fháil ag www.osrai.ie nó ó oifig na scoile.
Tá sé de cheart ag duine ar bith a chuireann sonraí pearsanta ar fáil tríd an bhFoirm Iarratais seo iarratas a dhéanamh chun rochtain a fháil ar na sonraí sin. Ta sé de cheart aige/aici freisin iarratas a dhéanamh faisnéis ar bith atá mícheart go fíorasach a athrú. Is féidir leis an ábhar sonraí iarratas a dhéanamh chun na sonraí a scriosadh nó is féidir sin a dhéanamh thar ceann an ábhair sonraí ach ní ghéillfear chuige seo ach amháin sa chás nach bhfuil na sonraí de dhíth chun na críocha ar bailíodh iad agus sa chás nach bhfuil bunús dlí ag BOOCCC iad a choinneáil.
Má tá gearáin agat mar ábhar sonraí maidir le próiseáil do chuid sonraí pearsanta, tá sé de cheart agat gearán a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún um Chosaint Sonraí. |
Data Protection
The Board of Management of Coláiste Pobail Osraí is a committee of KCETB, Seville Lodge, Callan Road, Kilkenny, which is a data controller under the General Data Protection Regulations and the Data Protection Acts 1988 – 2018. The Data Protection Officer for KCETB is Colette Duggan and can be contacted at cduggan@kcetb.ie
The personal data supplied on this Application Form and the accompanying documentation sought is required for the purpose of: · Verification of identity and date of birth; · Verification and assessment of admission criteria; · Allocation of teachers and resources to the school; and · School administration, all of which are tasks carried out pursuant to various statutory duties to which KCETB is subject.
Failure to provide the requested information may result in the application being deemed invalid and an offer of a place may not be made.
The personal data disclosed in, or as part of, this Application Form may be communicated internally within KCETB and externally with the NCSE and/or NEPS for the purpose of determining the applicability of the selection criteria, and possibly with the patron or board of management of other schools in order to facilitate the efficient admission of students, pursuant to section 66(6) of the Education Act 1998 as inserted by section 9 of the (Admissions to Schools) Act 2018. It may also be shared with Tusla Education Support Services for the purpose of assisting the student with education and training opportunities, in line with section 28 of the Education (Welfare) Act 2000.
The personal data provided in this Application Form will be kept for 7 years from the date on which the student turns 18 years of age, unless there is a statutory requirement to retain some or all elements of the data for a further period or indefinitely, in line with KCETB’s Data Retention Policy, which can be found at http://kcetb.ie/what-we-do/data-protection/
A copy of the full KCETB Data Protection Policy is available at www.osrai.ie or from the school office.
Any person who provides personal data through this Application Form has a right to request access to that data and to request the changing of any information if it is factually incorrect. A request for erasure of the data can also be made by or on behalf of the data subject but this will only be acceded to where the data is no longer necessary for the purpose for which it was collected and where KCETB does not have a legal basis for retaining it.
If you as a data subject have any complaints regarding the processing of your personal data, you have the right to lodge a complaint with the Data Protection Commission.
|
