+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie

Comórtas Thráth na gCeist

logo feachtas

Beidh an óg-ghluaiseacht Feachtas www.feachtas.ie ag cur tráth na gceist ar siúl sa scoil oíche Dé Luain seo chugainn (11ú Samhain) ó 7.00 go 9.00in. Is comórtas idirscoile atá ann agus beidh fóirne ón scoil ag glacadh páirte. Beidh ceathrar ar fhoireann agus €2 le híoc ag gach duine a ghlacann páirt. Go n-éirí leo.

Fuair an scoil bronntanas de dhearbhán lacáiste €50 ó chostas choláiste Gaeltachta de chuid GaelLinn. Táimid sásta é a chur ar fáil do dhalta ón scoil gur mhian leo é a úsáid, ach faraor, caithfear é a úsáid roimh an 20ú Samhain. Seo hiad na cúrsaí inar féidir lacáiste a fháil orthu www.gael-linn.ie/default.aspx?treeid=230&cat=1