+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie
A beautifully-crafted commemorative plaque created by Bliain 2 agus Múinteoir Mícheál to celebrate the connection between our school and Glanbia, a link facilitated by Business in the Community Ireland. Sciath álainn deartha agus cruthaithe ag Bliain 2 agus M.Mícheál le comóradh a dhéanamh ar an nasc idir ár scoil agus Glanbia.
World of Work came to a conclusion with a wrap session where our students presented all that they had been learned during our sessions with Glanbia. The students recognised the need for inclusion of more Irish language within the company and that Glanbia had an opportunity to broaden the reach of our national language through introducing its use more frequently. Using evidence gathered from displays in the head office boardroom, the students identified key values, translated them to Irish and had them engraved on the plaque created by M.Mícheál.
Tháinig an tionscnamh World of Work chun críche le déanaí nuair a rinne na daltaí cur i láthair ar an bhfoghlaim a rinne siad i seisiúin le Glanbia. D’aithin na scoláirí tábhacht na hionchuimsitheachta maidir leis an nGaeilge sa chomhlacht, agus go raibh deis ag Glanbia an teanga náisiúnta a chur chun cinn trí úsáid níos forleithne a bhaint aisti. Agua leas á bhaint as fianaise a bailíodh i seomra an bhoird sa phríomhoifig, d’aithin na daltaí na croíluachanna, d’aistrigh siad go Gaeilge iad, agus fuair siad tacaíocht ó Mhúinteoir Mícheál iad a ghreanadh ar an sciath.
Rinne Bliain 2 sár-obair ar an seisiún deireanach chun buíochas mór a ghabháil le Naoise agus Shona as Glanbia agus le Jo as BITC. Bhí na daltaí an-ghnóthach ar fad, ag déanamh bunóga úra le haghaigh ár gcuairteoirí. Buíochas mór le M.Mairead a d’oibrigh ar an scéim seo leis na daltaí! The students prepared some refreshments for Naoise, Shona and Jo for the final session as a note of thanks for their support in this initiative. A huge thanks to M.Mairead for working on this scheme with the 2nd Year group!