+353 56 776 4557 oifig@osrai.ie
Bhí ard-lá ag ár gcailíní chéad bhliana Déardaoin i bPáirc Shéamas Stiofáin. Blitz peile a bhí ann, eagraithe ag Peil na mBan Chill Chainnigh (Kilkenny LGFA). A great day for our 1st Year girls on Thursday as they took part in a Gaelic football blitz.
Ní imríonn ach triúr peil ghaelach ón ochtar déag s’againne a bhí ag glacadh páirte. Deis thar cionn ab ea í an pheil a thriail agus scileanna a fhorbairt. Dar ndóigh, bhí spórt agus spraoi againne freisin!! Ceithre chluiche a bhí ar siúl agus bhí seans ag chuile chailín imirt in áiteanna difriúla ar an bpáirc. Only 3 of the girls participating had experience playing Gaelic football so this was a great opportunity for them to develop skills and to enjoy the occasion. They played 4 matches and all players had the chance to play in different positions on the field. 
Bhíomar ag díriú ar scileanna áirithe ar an lá ….
  • Ceithre chéim a thógáil
  • Preabadh na liathróide / solo
  • Pas láimhe
  • Taicleáil leis an lámh is cóngaraí
  • Piocadh suas agus greim a bhreith ar an liathróid.
D’éirigh go hiontach leis na cailíní na scileanna siúd a chur i bhfeidhm ar an bpáirc i rith an lae!
Fad is a bhí na cailíní ag fanacht ar chluichí, rinneamar cúpla rás seafóideach mar eagrúchán don lá spórt an tseachtain seo chugainn (rás trí chos, ras bara rotha srl).
Huge thanks to Kilkenny LGFA, to M.Aisling, and we’re so proud of the team! Fíor-bhródúil as ár gcailíní. Peil na mBan abú! Agus míle buíochas do Pheil na mBan Chill Chainnigh as an eagrúchán ar fad!

Físeáin / Videos:

Blitzchomórtas peile 1

Blitchomórtas peile 2

Blitzchomórtas peile 3

Blitzchomórtas peile 4