Teastas Sóisearach
Tá réimse leathan ábhar ar fáil don teastas sóisearach.
Déantar gach ábhar sa chéad bhliain go dtí am Nollag agus bíonn rogha ar fáil i mí Eanáir sa chéad bhliain.
Ábhair: Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Stair, Tíreolaíocht, Fraincis, Gearmáinis, OSSP, OSPS, Eolaíocht, Staidéar Gnó, Ealaín, Eacnamaíocht Bhaile, Teicneolaíocht, Adhmadóireacht, Ceol, Ríomhaireacht, Creideamh & Corp Oideachais.
An Idirbhliain
Tugann an Idirbhliain deis do dhaltaí forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna agus a mbuanna nach mbeidís ábalta dhéanamh i ranganna scrúdaithe.
I dtaca leis na gnáth ábhair tá modúil agus ábhair eile ar fáil san Idirbhliain, ar nós:
• Ríomhaireacht
• Drámaíocht
• Fiontraíocht
• Film & Animation
• Meáin Chumarsáide
• Gaisce
• Safe Pass
• Taithí Oibre
• Mion Chomhlacht
• Ceol
• Cur i láthair
• Garchabhair
• Clár eolais ar dhrugaí
Tugann an Idirbhliain seans forbairt a dhéanamh ar an oideachas agus ar an aibíocht sula dtosaíonn siad ar an Ard Teist.
Ard Teist
Cuirtear ar a laghad naoi n-ábhar ar fáil sa scoil agus déantar an cinneadh ar cad iad de réir toil na daltaí ag tús na cúigiú bliana.
Ábhair atá ar fáil:
Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Fraincis, Gearmáinis, Tíreolaíocht, Stair, Bitheolaíocht, Fisic, Ceimic, Eacnamaíocht Bhaile, Ealaín, Ceol, Eacnamaíocht, Staidéar Tógála, Dearadh, Cumarsáid agus Líníochta, Gairmthreoir, Creideamh, OSPS, Ríomhaireacht agus ábhair eile.
Measúnú agus Tuairisc Scoile
Coimeádtar súil rialta ar fhorbairt an dalta trí scrúduithe agus measúnuithe rialta agus coimeádtar taifead ar na torthaí. Seoltar tuairiscí scoile abhaile agus pléitear an fhorbairt ag cruinnithe tuismitheoirí/múinteoirí.